Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Gléasanna Taifeadta atá Feistithe ar Ardáin Aeir

Aerial_Platforms_Web_Banner

Gléasanna Taifeadta atá Feistithe ar  Ardáin Aeir: Cód Cleachtais – Comhairliúchán Poiblí

Tacaítear le misean an Gharda Síochána trí thiomantas oibriú le pobail agus trí úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear teicneolaíocht, chun coireacht a chosc agus a bhrath. Ceann de na teicneolaíochtaí sin is ea gléasanna taifeadta a úsáid i gcomhar le hardán aeir. Is éard is Ardáin Aeir ann aon fheithicil atá in ann eitilt le foireann nó gan fhoireann, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta d’aerárthaí sciathán seasta, héileacaptair agus dróin.

 

Cad chuige a n-úsáidfear gléasanna taifeadta i gcomhar le hardáin aer?

Ní mór gléasanna taifeadta a úsáidtear i gcomhar le hardán aeir a oibriú go cothrom, go freagrach, le meas ar chearta daoine eile, gan idirdhealú neamhdhleathach, agus de réir mar is gá chun críche póilíneachta dlisteanaí. Ní mór cur isteach ar chearta daoine eile a íoslaghdú a mhéid is féidir.

 

Cén fáth a bhfuil gá le gléasanna taifeadta a úsáidtear i gcomhar le hardáin aeir?

 Éilíonn póilíneacht an lae inniu úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha. Is féidir go dtarlóidh teagmhais as a dtiocfaidh imscaradh na ngléasanna sin ar bhealach dinimiciúil gan mórán fógra, nó gan aon fhógra. Ní mór don Gharda Síochána a bheith in ann gléasanna den sórt sin a úsáid chun coireacht a chosc agus a bhrath. Cé go rachaidh úsáid na ngléasanna sin ag an nGarda Síochána chun tairbhe don phobal, féadfaidh sí tionchar díreach a imirt ar chearta daonna daoine aonair. Dá bhrí sin, beidh aon imscaradh agus úsáid de réir an dlí, faoi réir bheartais agus nósanna imeachta an Gharda Síochána, agus faoi rialú Cód Cleachtais.

 

Cad a rialaíonn úsáid gléasanna taifeadta a úsáidtear i gcomhar le hardán aeir?

 Achtaíodh an  tAcht um an nGarda Síochána (Gléasanna Taifeadta), 2023 , an 5 Nollaig 2023. Leagtar amach san Acht seo an creat dlíthiúil reatha maidir le húsáid gléasanna taifeadta éagsúla. Foráiltear i gCuid 8 den Acht seo go mbeidh Cód Cleachtais i gceist maidir le gléasanna taifeadta a úsáidtear i gcomhar le hardán aeir.  Mar chuid d’fhorbairt an Chóid Cleachtais seo, tá an  Garda Síochána  i mbun comhairliúcháin phoiblí chun tuairimí nó barúlacha a lorg maidir leis an  dréacht-Chód Cleachtais.

Cuirtear sraith chuimsitheach ceisteanna coitianta (CC) ar fáil chun comhthéacs breise a sholáthar don dréacht-doiciméad seo.  

 

Gléasanna Taifeadta a Úsáidtear i gComhar le hArdán Aeir

Chomh maith le tuairimí a iarraidh ón bpobal, tá sé de dhualgas ar Choimisinéir na nGardaí tuairimí a iarraidh ó na daoine seo a leanas freisin:

  • An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail
  • Oifig an Ombudsman  - Fiosrú
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Sula n-eisíodh an Cód Cleachtais i bpróiseas comhairliúcháin faoi Chuid 8, rinneadh Measúnú Tionchair ar Chearta an Duine agus déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí freisin sula bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an Cód Cleachtais a bhreithniú lena fhoilsiú mar Ionstraim Reachtúil.

 

Roinn Do Thuairimí

 Tá an Garda Síochána ag iarraidh aiseolas a bhailiú ón bpobal maidir leis an dréacht-Chód Cleachtais seo. Chun aiseolas a sholáthar, léigh an  dréacht-Chód Cleachtais  agus comhlánaigh  an fhoirm aiseolais thíos. 

Is féidir leat freisin na ceisteanna coitianta (CC) maidir leis  an gCód Cleachtais um Ghléasanna Taifeadta a Úsáidtear i gComhar le hArdán Aeir a léamh anseo.

Déanfar aon sonraí pearsanta a sholáthróidh freagróirí mar chuid dá bhfreagraí a phróiseáil faoi Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus Alt 55(1)(b)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, deréir mar is infheidhme. Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta arna soláthar a choinneáil níos faide ná mar atá géarghá léi chun críocha aon anailíse nó athbhreithnithe ar thorthaí an aiseolais.

Ní mór aighneachtaí aiseolais a chur isteach faoi 31th Márta 2026.

loading form...